Clarion

Fáilte chuig Stiúrthóireacht an Cheantair Dugaí

Tá Ceantar Dugaí Chorcaí suite ar láithreán álainn soir ó Lár na Cathrach agus clúdaítear achar 166 heicteár talún ar an dá bhruach d’Abhainn na Laoi, le 4 chiliméadar d’éadan uisce. Aithníodh poitéinseal an cheantair seo sna 1990í ag sroicheadh buaicphointe i bhfoilsiú Straitéis Forbartha Ceantar Dugaí Chorcaí i 2001. Leag sé seo amach fís le haghaidh ceathrú uirbeach nua tréithrithe ag ardleibhéal dearadh; deiseanna cónaithe, fostaíochta agus fóillíochta; agus ardchaighdeán maireachtála i suíomh uirbeach ard-dlúis. Tá athghiniúint Ceantar na nDugaí mar thosaíocht ag Comhairle Cathrach Chorcaí. Táthar ag obair go gníomhach chun é seo a bhaint amach thar an meán-téarma ag comhoibriú le geallchoimeádaithe éagsúla i gCeantar na nDugaí.